Is eagraíocht oideachais agus oiliúna pobail é Muintearas. Tá ceanncheathrú na heagraíochta lonnaithe i dTír an Fhia, Leitir Móir, Co.na Gaillimhe agus fo-oifig i nGaeltacht Dhún na nGall.
Fógra Poist
An Chlúid
Uaireanta Oscailte
Luan go hAoine 9.30rn – 2.30in
Bialann phobail atá lonnaithe i bhfoirgneamh Mhuintearas i dTír an Fhia. Bíonn An Chlúid ag cur rogha béilte den scoth ar fáil le piocadh suas nó le seoladh go dtí sibh sna tithe idir 12 meán lae agus 2 i.n. ach glaoch a chuir ar 091-379131/379141 roimh ré chun ordú a chuir isteach, ó 9.30rn go dtí 2.30in ó Luan go hAoine.

Scéim na gCampaí Samhraidh 2025
Scéim na gCampaí Samhraidh 2025
Iarratais Scéim na gCampaí Samhraidh sa nGaeltacht 2025 ag oscailt go luath.
Táimid gnóthach ag ullmhú don séasúr nua agus osclófar clárúchán ag deireadh na míósa / tús mí Aibreán.

Foirmeacha d’Eagraíochtaí:
Beidh foirmeacha agus eolas a thacaíonn le d’iarratas ar fáil anseo.

Liosta Campaí 2025
Beidh liosta de na campaí samhraidh atá ar siúl sna ceantair Ghaeltachta ar fáil anseo – Bealtaine 2025
NÓTA: Ní chláraíonn Muintearas páistí do na campaí seo – déan teagmháil leis an gcampa féin
Slí na bhFillí
Tá Slí na bhFilí cruthaithe ionas gur féidir turas a dhéanamh ar líne nó sa gceantar ag leanacht slí ag úsáid mapaí google. Don cheiliúradh seo, tá ealaíontóirí aitheanta sa gceol againn cosúil le Liam Ó Maonlaí, Peadar Ó Riada, Megan Nic Ruairí, Deirdre Sweeney, Joanne Mac Intyre, Rodney Mac Donald & Lewis MacKinnon ag glacadh páirt sa seoladh. Is féidir toradh an Togra a fheiceáil ar www.slinabhfili.com
Tá Togra ‘Slí na bhFilí’ curtha in eagar faoi choimirce an clár Leader / Fóram Chonamara. www.forumconnemara.ie
Togra VR – Club Óige Fíorúil
An oibrí óige thú? An duine óg thú?
Táimid ag eagrú club óige fíorúil do dhaoine óga na Gaeltachta. Úsáidfidh na daoine óga agus na hoibrithe óige fearais-cinn VR chun dul isteach sa gclub óige go cianda. Beidh sé mar an gcéanna le gach club eile, níl ann ach gur féidir leat é a dhéanamh áit ar bith ag baint úsáide as an bhfearas-cinn VR!
Togra Club Óige VR

Seirbhísí

Campaí Samhradh
Tá Muintearas ag déanamh bainistíocht agus monatóireacht ar Scéim na gCampaí Samhraidh ar son Údarás na Gaeltachta agus urraithe ag An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt & Meán.

NaÍolann
Is Naíolann pobail í Naíolann na nOileán a sholáthraíonn seirbhís cúram leanaí den scoth chun freastal ar riachtanais thuismitheoirí an cheantair.

Oiliúint / Ranganna
Cúrsaí Cosaint an Linbh / Cúrsaí foghlaim Ghaeilge / Ceardlainn Saibhrithe Teanga

Cúram Leanaí
Cúrsaí Cúraim Leanaí Leibhéal 6
Tír an Fhia agus Tír Chonaill
Doiciméid
Cláracha Oiliúna Bailíochtaithe
Tá Muintearas aitheanta mar Ionad Oiliúna a bhíonn ag soláthar cúrsAí agus cláracha oiliúna le haitheantas ó QQI faoin gCreatlach Náisiúnta Cálíochtaí (NFQ).
Reáchtálann Muintearas na cúrsa seo a leanas, bailíochtaithe ag QQI:
– Oiliúint Teagascóirí (6S3372): Dámhachtan Speisialta de chuid QQI, Leibhéal 6 NFQ.
Tá Nósanna Imeachta Mhuintearas um Rochtain, Aistriú agus Dul Chun Cinn ar fáil sa Lámhleabhar um Dhearbhú Cáilíochta.
Tagann an cúrsa seo faoin gclár árachais Cosaint Foghlaimeoirí Cláraithe atá i bhfeidhm ag Muintearas.
Tuilleadh eolais ón Bhainisteoir Oiliúna (traenail@muintearas.com).
Lámhleabhar Dearbhú Cáilíochta san Oiliúint.
Nasc chuig ár Lámhleabhar Dearbhú Cáilíochta san Oiliúint.
Ráiteas Um Chumhdach Leanaí.
Nasc chuig ár bPolasaithe maidir le Cosaint Leanaí agus nósanna imeachta.
Straitéis Óige don Ghaeltacht
Cliceáil ar an gcnaipe thíos chun an PDF a oscailt le haghaidh Straitéis Óige don Ghaeltacht.
Na Meáin Shóisialta
An oibrí óige thú? An duine óg thú? Táimid ag eagrú club óige fíorúil do dhaoine óga na Gaeltachta. Úsáidfidh na daoine óga agus na hoibrithe óige fearais-cinn VR chun dul isteach sa gclub óige go cianda. Beidh sé mar an gcéanna le gach club eile, níl ann ach gur féidir leat é a dhéanamh áit ar bith ag baint úsáide as an bhfearas-cinn VR!
Cláraigh linn @ https://muintearas.com/togra-vr-gaeltacht-club-oige-vr/ tríd an bhfoirm léirithe spéise.