EOLAS FAOIN TOGRA

Beidh 2 chlub óige fíorúil á heagrú do dhaoine óga as ceantair éagsúla Gaeltachta, ag úsáid trealamh agus eispéireas fíorúil.

Beidh 10 seisiún den chlub i gceist idir Eanáir – Márta 2024.  Cuirfidh muid fearas-cinn VR ar fáil do na rannpháirtithe.

Beidh club amháin ann do dhaoine óga as ceantair éagsúla Gaeltachta ar an mór-thír, agus an ceann eile do na hoileáin Ghaeltachta.

Aois idir 13 – 17 bliain

Bí páirteach!

TÁIMID AG LORG DAOINE ÓGA AGUS OIBRITHE ÓIGE DON TOGRA!

Deis Fostaíochta:

d'Oibrithe Óige

Más Oibrí Óige thú agus má tá suim agat oibriú linn ar an togra seo, bruigh an cnaipe thíos

Deis Rannpháirtíochta:

Daoine Óga & Tuismitheoirí

Má tá suim agat do ghasúr a chlárú don togra, bruigh an cnaipne thíos

 

Tá spásanna teoranta – is 12 rannpháirtí a bheidh i ngach club. Má bhíonn éileamh mór ar spásanna, déanfar rogha bunaithe ar éagsúlacht ceantair, aoisghrúpa agus spéis sa togra.

ÁR SPRIOCANNA

Cultúr Óige a cheangal le teanga agus cultúr na Gaeltachta

Scileanna teicneolaíochta agus cruthaitheacha a fhorbairt i measc daoine óga

Nasc a chruthú idir dhaoine óga ó na ceantair Ghaeltachta éagsúla

Muinín agus féiniúlacht Gaeltachta a fhorbairt i measc na hóige 

BREIS EOLAS

Déanfar an togra seo a sheachadadh trí dhá chlub óige fíorúil a eagrú do dhaoine óga as ceantair éagsúla Gaeltachta idir 13-17 bliain d’aois ag úsáid trealamh agus eispéireas réaltachta fíorúla thar 10 seisiúin éagsúla (20 seisiúin & 24 rannpháirtí ina iomláine).   

Maidir leis an rannpháirtithe, roghnófar suas le 12 duine óg as na hoileáin Ghaeltachta le páirt a ghlacadh sa chlub óige VR i nGrúpa 1.  Tabharfar suas le 12 duine óg as na seacht gcontae Gaeltachta a thabhairt le chéile sa chlub óige i nGrúpa 2. Beidh beirt oibrí óige i mbun na seisiúin i ngach grúpa agus iad ag tacú leis na seisiúin a stiúradh chomh maith le taithí agus oiliúint a fháil iad féin ar eispéireas agus ar chur chuige VR ar-line do chlub óige.

Cuirfear an trealaimh VR cuí ar fáil don fhoireann agus daoine óga agus is gá go mbeadh rochtain ar cheangal láidir idirlíon ag na rannpháirtithe.

NB: Má tá speis ag duine óg a bheith páirteach sa chlár ach nach bhfuil teacht acu ar leathan bhanda – déan teagmháil linn.

Is togra comhpháirtíochta é seo idir Muintearas, Kinia, Hologen agus Údarás na Gaeltachta. 

TEAGMHÁIL

Chun tuilleadh eolais a fháil is féidir teagmháil a dhéanamh linn ag danielle@muintearas.com

CEISTEANNA COITIANTA

Cá fhad a mhairfidh seisiúin an chlub óige?

Beidh na seisiúin ar siúl uair sa tseachtain thar 10 seachtaine ar feadh 45 nóiméad. Mairfidh an seisiún iomlán 60 nóiméad ach cuirfimid deireadh le gníomhaíochtaí ag 45 nóiméad agus ansin beidh an 15 deiridh chun an seisiún a dhúnadh agus ag déanamh fógra Discord

An mbeidh sé sábháilte?

Ní bheidh ach baill an chlub óige agus oibrithe óige in ann páirt a ghlacadh sna seisiúin. Ní bheidh aon duine nach bhfuil cláraithe mar rannpháirtí nó baill foirne in ann rochtain a fháil ar an spás VR. Is spás príobháideach é seo, ní bheidh rochtain ach ag rannpháirtithe cláraithe

Cad a bheidh ag teastáil uaim chun páirt a ghlacadh ann?

Beidh fearas cinn VR uait chun páirt a ghlacadh. Cuirfear an fearas cinn ar fáil do rannpháirtithe. Beidh nasc leathanbhanda maith ag teastáil freisin WIFI

Cathain a bheidh na seisiúin club ar siúl?

Socrófar é seo nuair a roghnaítear na rannpháirtithe.

An gcosnóidh sé rud ar bith?

Cosnóidh sé €50 páirt a ghlacadh sa chlub óige VR. San áireamh anseo tá árachas agus éarlais don fearas cinn VR. Déanfar Aisíocaíocht €30 do dhaoine óga nuair a bheidh an tionscadal críochnaithe agus na fearais cinn tugtha ar ais go Muintearas.

An féidir leis na rannpháirtithe an fearas cinn VR a úsáid lasmuigh d’amanna an tseisiúin?

Tá sé seo ceart go leor, ar choinníoll go bhfuil na cúramóirí sásta leis seo. Is é an teaghlach atá freagrach as am VR a bhainistiú, ní muidne. Chomh maith leis sin, déanfaidh ARBORXR gach feiste a bhainistiú, i bhfocail eile, ní bheidh na rannpháirtithe mar riarthóirí ar an trealaimh agus beimid ábalta bainistiú a dhéanamh ar an mhéid a bhíonn á shuiteáil acu agus ar rochtain chomh maith.

Páirtnéireacht idir: