Scéim na gCúntóirí Teanga

Ag cabhrú le gasúir agus déagóirí scoile chun feabhas a chur ar a gcuid Gaeilge tríd an gCóras Oideachais.

Faoin Scéim

Tá Scéim na gCúntóirí Teanga ar an bhfód ó 1992. Bíonn Cúntóir Teanga ag obair sna bunscoileanna agus sna meánscoileanna Gaeltachta atá páirteach i Scéim Aitheantais na Scoileanna Gaeltachta de chuid na Roinne Oideachais. Obair pháirtaimseartha a bhíonn i gceist, 31 / 32 seachtain sa scoilbhliain.

Tugann an Cúntóir cúnamh agus tacaíocht do pháistí a fhreastálaíonn ar scoileanna Gaeltachta.

Cabhraíonn an Cúntóir le páistí nach í an Ghaeilge a teanga dúchais / nach bhfuil Gaeilge sa mbaile, chun an teanga a shealbhú; agus cabhraíonn an Cúntóir le páistí gurb í an Ghaeilge a teanga dúchais chun a cumas Gaeilge a shaibhriú.

Oibríonn na Cúntóirí Teanga faoi stiúir phríomhoidí agus foireann teagaisc na scoileanna.

Is í an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán a mhaoiníonn Scéim na gCúntóirí Teanga, mar chuid den Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge.  

Muintearas Teo

Riarann Muintearas Teo Scéim na gCúntóirí Teanga i nGaeltacht na Gaillimhe, Mhaigh Eo, Dhún na nGall agus Co. Na Mí

Oidreacht Chorca Dhuibhne

Riarann Oidhreacht Chorca Dhuibhne an Scéim i gCúige Mumhan (Corca Dhuibhne, Uíbh Ráthach, Múscraí, An Rinn & Oileán Chléire).

Faigh i dteaghmháil linn: