Mol an óige, agus tiocfaidh sí

Cé muid féin

Is Óg Eagraíocht Náisiúnta muid a chuireann seirbhísí agus tacaíocht ar fáil do ghrúpaí deonacha, coistí, tuismitheoirí, scoileanna, pobal na Gaeltachta chomh maith le bheith mar threoraí gníomhach ag tacú le stráitéisí Stáit chun cur leis an obair agus freastal ar an Óige sna ceantracha Gaeltachta atá sna Réigiúin anseo. Tá 42 Club cláraithe linn le ós cíonn 1,534 duine óg.

Imeachtaí agus Gníomhaíochtaí

Comortas

Ceardlann

Turais

Seirbhísí

Foirmeacha le clárú

Cliceáil ar an gcúige ina bhfuil do chlub thíos, agus ansin cliceáil ar do chlub ar an gcéad leathanach eile

 

 

 

 

 

 

Cá bhfuil ár gclubanna?

Tá príomhoifigí Oige na gaeltachta i dtrí shuíomh éagsúla agus tá clubanna i ngach cúige in Éirinn.

Ráiteas Misiúin Óige na Gaeltachta

  • Go bhfuil sé mar chuspóir forbairt iomlán an linbh/duine óg a chur chun cinn i dtimpeallacht atá sábháilte, slántiúil, spreagúil, fáiltiúil, sonasach agus tacúil.
  • Na clubanna/eagraíochtaí óige a reachtáil trí mheán na Gaeilge.
  • Úsáid nádúrtha na Gaeilge a chothú agus a bhunú i measc na leanaí/daoine óga a dhéanann freastal ar an gclub/eagraíocht óige.
  • Deiseanna comhionannais a chuir chun cinn do gach leanbh/duine óg a dhéanann freastal ar an gclub/eagraíocht óige.
  • Seirbhís tacaíochta a chuir ar fáil do thuismitheoirí/caomhnóirí agus do theaghlaigh óga na Gaeltachta.

Cá bhfuil muid

& sonraí teagmhála

Cúige Mumhan

Oifigeach Na Mumhan – Vanessa Ní Shé

Ríomhphost: vanessa@muintearas.com 

Connacht & Laighean

Oifigeach Chonnacht/Laighean –

Vivienne Ní Niaidh

Ríomhphost: vivienne@muintearas.com

Dún na nGall

Oifigeach Thír Chonaill – Donal Mac Giolla Bhríde

Rómhphost: donal@muintearas.com

A bhfuil le rá ag ár mbaill

Páraic Seosamh Ó Ceannabháin, 4u bl, Scoil Phobail Mhic Dara, Carna.-

Tá mé fíor bhrónach nach bhfuil mé in ann freastal ar an Club Óige faoi láthair de bharr Covid 19. Is deis iontach é seo do dream óg an cheantair bualadh le chéile taobh amuigh de uaireanta scoile. Tugann an club deis dúinn an Ghaeilge a úsáid go neamhfhoirmiúil agus píosa chraic a bheith againn ag déanamh cairde nua, imirt cluichí nó ag obair ar tionscadal faoi stiúir Mícheál Ó Dunaird. Tá súil agam go mbeidh muid ag freastal ar an gclub arís go gairid.