Mol an óige, agus tiocfaidh sí

Aidhm Óige na Gaeltachta

 

Is í aidhm Óige na Gaeltachta tionscnaimh agus cláir óige, atá fréamhaithe sa pobal áitiúil agus a chuireann le saol an nduine óg, a fhorbairt agus a chur ar fáil i gceantair Ghaeltachta na hÉireann. Cuireann muid seirbhísí ar fáil do dhaoine óga idir 5 agus 24 bliain d’aois. Creideann muid gur chóir go mbeadh meas ag gach duine óg ar ár bpobail, agus meas ag an bpobal ar an aosóg. Déanaimid ár ndícheall tacú le daoine óga cinntí maithe agus feasach a dhéanamh maidir leis na dúshláin agus an deacrachtaí a théann i bhfeidhm orthu.

Tríd ár seirbhísí agus cláir óige, oibríonn muid chun saol an nduine óg sna réigiúin Ghaeltachta go léir a fhorbairt agus deiseanna saoil a thabhairt dóibh.

Oibríonn Óige na Gaeltacha / Muintearas le TÚSLA, an NYCI agus leis na Boird Oideachais agus Oiliúna (ETBs), atá faoi scáth na Roinne Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige. Ta scéim UBU á reáchtáil againn i gConamara (ETB / Roinn LCMLÓ), a thairgíonn seirbhísí agus oiliúint do dhaoine óga.

 

Cuspóirí

Díríonn muid ar dhaoine óga a d’fhéadfadh a bheith ag déileáil le dúshláin áirithe ar nós:

  • aonrú sóisialta;
  • fadhbanna meabhairshláinte;
  • mí-úsáid drugaí agus alcóil;
  • easpa deiseanna fostaíochta agus oiliúna

Déantar an obair seo ar bhonn aonair, tríd obair ghrúpa agus i gclubanna agus ionaid óige. Forbraíonn ár n-oibrithe óige agus deonacha caidreamh thacúla agus mhuiníneacha le rannpháirtithe ag baint úsáide as cur chuige ildisciplíneach le réimse leathan imeachtaí.

Triallaíonn muid cabhair a thabhairt do gach duine óg a cumas iomláin a bhaint amach trí chluais éisteachta a thabhairt dhóibh agus meas a bheith againn ar a gcearta.

Torthaí

  • Clubanna óige (Aois 5-18)
  • Reáchtáladh ceardlanna agus imeachtaí i rith na bliana chun freastal ar riachtanais dhaoine óga, tuismitheoirí agus gairmithe
  • Tionscadail óige ag Forbartha Pobail
  • Cursaí Dheonach do dhaoine óga idir 14-18 mbliana d’aois
  • Taithi oibre do mhic léinn, socrúcháin do mheánscoileanna agus do choláistí tríú leibhéal
  • Grúpa Chomhairle na nÓg
  • Cúrsa Aistriucháin (Rang a 6 agus isteach sa chéad bhlian)
  • Tacaíochtaí Sláinte Meabhrach
  • Seachadadh tionscnaimh Tionscadal Pobail Óige i rith na bliana de réir mar a tháinig riachtanais chun cinn.

Modheolaíochtaí chun oibriú le daoine óga

 

  • Tá Clubanna Óige ar fáil do dhaoine óga aois bunscoile
  • Ionaid Óige do dhéagóirí – áit gur féidir leo teacht le chéile uair nó dhó sa tseachtain tar éis am scoile agus a gcuid imeachtaí agus tionscnaimh féin a eagrú
  • Seirbhísí Iar-scoile d’aosóg an cheantair
  • Campaí Samhraidh
  • Forbraítear tionscnaimh freisin maidir leis na riachtanais a chuireann na daoine óga féin in iúl.

Gníomhartha Samplacha a rinne Óige na Gaeltachta

  • Clubanna óige (Aois 5-18)
  • Reáchtáladh ceardlanna agus imeachtaí i rith na bliana chun freastal ar riachtanais dhaoine óga, tuismitheoirí agus gairmithe
  • Tionscadail óige ag Forbartha Pobail
  • Cursaí Dheonach do dhaoine óga idir 14-18 mbliana d’aois
  • Taithi oibre do mhic léinn, socrúcháin do mheánscoileanna agus do choláistí tríú leibhéal
  • Grúpa Chomhairle na nÓg
  • Cúrsa Aistriucháin (Rang a 6 agus isteach sa chéad bhlian)
  • Tacaíochtaí Sláinte Meabhrach
  • Seachadadh tionscnaimh Tionscadal Pobail Óige i rith na bliana de réir mar a tháinig riachtanais chun cinn.

Cá bhfuil muid

& sonraí teagmhála

 

Cúige Mumhan

Oifigeach Na Mumhan – Vanessa Ní Shé

Ríomhphost: vanessa@muintearas.com

Connacht & Laighean

Oifigeach Chonnacht/Laighean –

Vivienne Ní Niaidh

Ríomhphost: vivienne@muintearas.com 

Dún na nGall

Oifigeach Thír Chonaill – Donal Mac Giolla Bhríde

Rómhphost: donal@muintearas.com