Faoi Muintearas

Díríonn gníomhaíochtaí Mhuintearas ar oideachas luath-óige; oiliúint agus meantóireacht; fiontar sóisialta; oideachas; forbairt pobail agus obair óige.

Riarann Muintearas clár na gCampaí Samhraidh Gaeltachta agus Scéim na gCúntóirí Teanga thar ceann na Roinne Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt & Meán. Cuireann Muintearas cláir oibre don óige ar fáil i ngach ceantar Gaeltachta trí thacú le gréasán clubanna óige, atá bunaithe ag pobail Ghaeltachta le blianta fada.