Scéim na gCampaí Samhraidh 2025

Tá muid ag fáiltiú roimh iarratais do Champaí 2025Is é an 2ú Bealtaine 2025 an dáta deireadh a bheifear ag glacadh le hiarratas.

 

Beidh cead campaí a reáchtáil ón 09/06/25 ar aghaidh go dtí 15/08/25 

 

 

 

Conas iarratas a dhéanamh

Tá 2 bhealach le hiarratas a dhéanamh:

Is féidir cliceáil ar an nasc thall agus an fhoirm iarratais a líonadh isteach go leictreonach ar Microsoft Foirms. 

Má roghnaíonn tú seo a dhéanamh, tabhair faoi deara go mbeidh ort Clár Imeachta an Champa agus Dearbhú Foirne Cosaint Leanaí (sínithe ag foireann an champa uilig) agus Seicliosta Polasaithe chosaint leanaí agus Ráiteas um chumhdach leanaí a uaslódáil ag deireadh na foirme leictreonaí. 

Féach thíos faoi ‘Foirmeacha d’Eagrachtai’ chun an Foirm Iarratais, Clár Imeachtaí an Champa agus Dearbhú Foirne Cosaint Leanaí agus Seicliosta Polasaithe chosaint leanaí agus Ráiteas um chumhdach leanaí a íoslódáil, a líonadh isteach agus a sheoladh ar ais.

Beidh an Rolla Tinnreamh le líonadh isteach gach lá den champa, agus le cur ar ais chuig Muintearas nuair a bheas an campa thart.

Beidh an fhoirm éileamh íocaíochta le líonadh isteach & le seoladh chuig Muintearas nuair a bheas an campa thart.

Déan teagmháil le Muintearas má bhíonn aon cheist agat / aon rud nach bhfuil soiléir duit.

Is féidir an Foirm Iarratais, maraon le Clár Imeachta an Champa agus Dearbhú Foirne Cosaint Leanaí a íoslódáil thíos, agus iad a líonadh isteach & a sheoladh ar ais chuig Muintearas (seoladh & ríomhphost ar an bhfoirm iarratais).

Coinníollacha Scéim na gCampaí Samhraidh sa Ghaeltacht 2025 ar fáil anseo. Moltar duit an cháipéis seo a léamh go cúramach sula dtosóidh tú ag líonadh an fhoirm iarratais.  

 

Tusimitheoirí / Caomhnóirí:

 

Is le lucht eagraithe an champa amháin a chláróidh tú páiste. Ní féidir le Muintearas spás a chur in áirithint ar champa do’d pháiste.  Beidh muid ag foilsiú líosta de na campaí a bheas ar bun sna ceantair éagsúla go seachtainiúil, ach caithfear teagmháil a dhéanamh le lucht eagraithe na gcampaí iad féin chun páiste a chlárú.

Foirmeacha d’Eagraíochtaí

Cliceáil ar an bhformáid atá uait don fhoirm thíos (Word nó PDF)

Foirmeacha Iarratais Campaí 2025

Coinníollacha agus Eolas:

  • Coinníollacha Scéim na gCampaí Samhraidh 2025: WordPDF
  • Scéim Árachais: Word, PDF

Chun Iarratas a Dhéanamh:

  • Foirm Iarratais: Word, PDF
  • Clar Imeachtaí na gCampaí: Word, PDF
  • Foirm Dhearbhaithe Foirne do Chosaint Leanaí: Word, PDF
  • Seicliosta – Ag réiteach do Champa: Word, PDF
  • Seicliosta Polasaithe agus Ráiteas um chumhdach leanaí WordPDF

Éileamh ar Íocaíocht:

Foirmeacha Aiseolas

Foirmeacha samplach chun aiseolas faoin gcampa samhraidh a bhailiú:

Páistí aois 3 – 6:

  • Aiseolais Campaí Spraoí 2025: WordPDF

Páistí aois 7+:

  • Foirm Aiseolais Páistí: Word, PDF

Tuismitheoirí:

  • Aiseolas ó ThuismitheoirWord, PDF

Is féidir bhur bhfoirmeacha aiseolais féin a úsáid más maith libh

Muintearas.com
Privacy Overview

This website uses cookies so that we can provide you with the best user experience possible. Cookie information is stored in your browser and performs functions such as recognising you when you return to our website and helping our team to understand which sections of the website you find most interesting and useful.