Scéim na gCampaí Samhraidh 2024

Tá áthas ar Mhuintearas a fhógairt go bhfuil Scéim na gCampaí Samhraidh sa nGaeltacht 2024 ag glacadh le hiarratais anois.

 

Is é an 3ú Bealtaine an dáta deireadh a bheifear ag glacadh le hiarratais.

Beidh cead campaí a reáchtáil ón 10/06/24 ar aghaidh go dtí 16/08/24 

 

 

 

Conas iarratas a dhéanamh

I mbliana, tá 2 bhealach le hiarratas a dhéanamh:

Is féidir cliceáil ar an nasc thall agus an fhoirm iarratais a líonadh isteach go leictreonach ar SurveyMonkey. 

Má roghnaíonn tú seo a dhéanamh, tabhair faoi deara go mbeidh ort Clár Imeachta an Champa agus Dearbhú Foirne Cosaint Leanaí (sínithe ag foireann an champa uilig) a uaslódáil ag deireadh na foirme leictreonaí. 

Féach thíos faoi ‘Foirmeacha d’Eagrachtai’ chun an Foirm Iarratais, Clár Imeachtaí an Champa agus Dearbhú Foirne Cosaint Leanaí a íoslódáil, a líonadh isteach agus a sheoladh ar ais.

Beidh an Rolla Tinnreamh le líonadh isteach gach lá den champa, agus le cur ar ais chuig Muintearas nuair a bheas an campa thart.

Beidh an fhoirm éileamh íocaíochta le líonadh isteach & le seoladh chuig Muintearas nuair a bheas an campa thart.

Déan teagmháil le Muintearas má bhíonn aon cheist agat / aon rud nach bhfuil soiléir duit.

Is féidir an Foirm Iarratais, maraon le Clár Imeachta an Champa agus Dearbhú Foirne Cosaint Leanaí a íoslódáil thíos, agus iad a líonadh isteach & a sheoladh ar ais chuig Muintearas (seoladh & ríomhphost ar an bhfoirm iarratais).

Coinníollacha Scéim na gCampaí Samhraidh sa Ghaeltacht 2024 ar fáil anseo. Moltar duit an cháipéis seo a léamh go cúramach sula dtosóidh tú ag líonadh an fhoirm iarratais.  

 

Tusimitheoirí / Caomhnóirí:

 

Is le lucht eagraithe an champa amháin a chláróidh tú páiste. Ní féidir le Muintearas spás a chur in áirithint ar champa do’d pháiste.  Beidh muid ag foilsiú líosta de na campaí a bheas ar bun sna ceantair éagsúla go seachtainiúil, ach caithfear teagmháil a dhéanamh le lucht eagraithe na gcampaí iad féin chun páiste a chlárú.

Foirmeacha d’Eagraíochtaí

Cliceáil ar an bhformáid atá uait don fhoirm thíos (Word nó PDF)

Foirmeacha Iarratais 

Coinníollacha agus Eolas:

  • Coinníollacha Scéim na gCampaí Samhraidh 2024: WordPDF
  • Scéim Árachais: Word, PDF

Chun Iarratas a Dhéanamh:

  • Foirm Iarratais: Word, PDF
  • Clar Imeachtaí na gCampaí: Word, PDF
  • Foirm Dhearbhaithe Foirne do Chosaint Leanaí: Word, PDF
  • Seicliosta – Ag réiteach do Champa: Word, PDF

Éileamh ar Íocaíocht:

Foirmeacha Aiseolas

Beidh foirmeacha samplach chun aiseolas faoin gcampa samhraidh a bhailiú, ar fáil anseo go luath:

Páistí aois 3 – 6:

  • Aiseolais Campaí Spraoí 2023: WordPDF

Páistí aois 7+:

  • Foirm Aiseolais Páistí: Word, PDF

Tuismitheoirí:

  • Aiseolas ó ThuismitheoirWord, PDF

Is féidir bhur bhfoirmeacha aiseolais féin a úsáid más maith libh