Scéim na gCampaí Samhraidh 2024
Dáta DÚNTA d’iarratais Scéim na gCampaí Samhraidh sa nGaeltacht 2024. Coinnigh súil ar an suíomh seo agus/nó na meáin shóisialta, nuair a bhéas liosta na gcampaí fógartha go luath.
Beidh cead campaí a reáchtáil ón 10/06/24 ar aghaidh go dtí 16/08/24
Conas iarratas a dhéanamh
I mbliana, tá 2 bhealach le hiarratas a dhéanamh:
Is féidir cliceáil ar an nasc thall agus an fhoirm iarratais a líonadh isteach go leictreonach ar SurveyMonkey.
Má roghnaíonn tú seo a dhéanamh, tabhair faoi deara go mbeidh ort Clár Imeachta an Champa agus Dearbhú Foirne Cosaint Leanaí (sínithe ag foireann an champa uilig) a uaslódáil ag deireadh na foirme leictreonaí.
nó
Féach thíos faoi ‘Foirmeacha d’Eagrachtai’ chun an Foirm Iarratais, Clár Imeachtaí an Champa agus Dearbhú Foirne Cosaint Leanaí a íoslódáil, a líonadh isteach agus a sheoladh ar ais.
Beidh an Rolla Tinnreamh le líonadh isteach gach lá den champa, agus le cur ar ais chuig Muintearas nuair a bheas an campa thart.
Beidh an fhoirm éileamh íocaíochta le líonadh isteach & le seoladh chuig Muintearas nuair a bheas an campa thart.
Déan teagmháil le Muintearas má bhíonn aon cheist agat / aon rud nach bhfuil soiléir duit.
Is féidir an Foirm Iarratais, maraon le Clár Imeachta an Champa agus Dearbhú Foirne Cosaint Leanaí a íoslódáil thíos, agus iad a líonadh isteach & a sheoladh ar ais chuig Muintearas (seoladh & ríomhphost ar an bhfoirm iarratais).
Tá Coinníollacha Scéim na gCampaí Samhraidh sa Ghaeltacht 2024 ar fáil anseo. Moltar duit an cháipéis seo a léamh go cúramach sula dtosóidh tú ag líonadh an fhoirm iarratais.
Tusimitheoirí / Caomhnóirí:
Is le lucht eagraithe an champa amháin a chláróidh tú páiste. Ní féidir le Muintearas spás a chur in áirithint ar champa do’d pháiste. Beidh muid ag foilsiú líosta de na campaí a bheas ar bun sna ceantair éagsúla go seachtainiúil, ach caithfear teagmháil a dhéanamh le lucht eagraithe na gcampaí iad féin chun páiste a chlárú.