Seirbhísí

Liosta Seirbhísí

Óige

Is Óg Eagraíocht Náisiúnta muid a chuireann seirbhísí agus tacaíocht ar fáil do ghrúpaí deonacha, coistí, tuismitheoirí, scoileanna, pobal na Gaeltachta chomh maith le bheith mar threoraí gníomhach ag tacú le stráitéisí Stáit chun cur leis an obair agus freastal ar an Óige sna ceantracha Gaeltachta atá sna Réigiúin anseo. Tá 42 Club cláraithe linn le ós cíonn 1,534 duine óg.

An Chlúid

Bialann phobail atá lonnaithe i bhfoirgneamh Mhuintearas i dTír an Fhia.  Bíonn An Chlúid ag cur rogha béilte den scoth ar fáil le piocadh suas nó le seoladh go dtí sibh sna tithe idir 12 meán lae agus 2 i.n. ach glaoch a chuir ar 091-379131/379141 roimh ré chun ordú a chuir isteach, ó 9.30rn go dtí 2.30in ó Luan go hAoine. Déanann an Chlúid lónadóireacht do gach ócáid speisialta ar nós baiste, an chéad chomaoineach agus ócáid ar bith eile.

Bealach

Is seirbhís é seo chun deis a thabhairt do sheanóirí an cheantair freastal ar sheirbhísí áitiúla, mar shampla; an siopa agus Oifig an Phoist.
Bíonn an tseirbhís seo ar fáil gach Aoine ón 9:00 r.n go dtí 2:00 i.n.
Déanann an bus freastal ar Cheantar na nOileán, Leitir Mealláin, Garumna agus Leitir Móir. Má tá suim ag aon duine úsáid a bhaint as an tseirbhís seo is féidir teagmháil a dhéanamh le Muintearas ag 091-379141.

Seirbhísí Spóirt

Your content goes here.Your content goes here.Your content goes here.Your content goes here.Your content gore.Your content goes here.Your content goes here.Your content goes here.Your content goes here. 

Siopa Arlíne

Rogha leabhair bunscoile ó Scéim Fhoghraíochta Mhuintearais.