Eolas
Conas iarratas a dhéanamh
Féach thíos faoi Foirmeacha d’Eagraíochtaí chun na foirmeacha riachtanacha a íoslódáil, a líonadh isteach agus a sheoladh ar ais.
Má roghnaíonn tú seo a dhéanamh, beidh ort Clár Imeachta an Champa agus Dearbhú Foirne Cosaint Leanaí, sínithe ag foireann an champa uilig, chomh maith leis an Seicliosta Polasaithe Chosaint Leanaí agus Ráiteas um Chumhdach Leanaí, a uaslódáil ag deireadh na foirme leictreonaí.
Tá na cáipéisí tacaíochta ar fad ar fáil sa rannóg íoslódála thíos.
Tuismitheoirí / Caomhnóirí
Is le lucht eagraithe an champa amháin a chláróidh tú páiste. Ní féidir le Muintearas spás a chur in áirithint ar champa do’d pháiste.
Beidh muid ag foilsiú liosta de na campaí a bheas ar bun sna ceantair éagsúla go seachtainiúil. Caithfear teagmháil a dhéanamh le lucht eagraithe na gcampaí iad féin chun páiste a chlárú.