Folúntais

Oibrithe Óige Páirt-Aimseartha

Tá trí phost pháirtaimseartha mar Oibrí Óige á dtairiscint ag Muintearas. Roghnaigh an suíomh is oiriúnaí duit.

Uaireanta
6 uair a chloig sa tseachtain
Ráta pá
€16.30 san uair
Spriocdháta
5:00in Dé hAoine 30ú Deireadh Fómhair 2026

Scileanna, taithí agus cáilíochtaí

  • Taithí ag obair le daoine óga
  • Gaeilge líofa – labhartha agus scríofa
  • Scileanna láidir eagrúcháin agus bainistiú ama
  • Sárscileanna cumarsáide agus idirphearsanta
  • A bheith ábalta feidhmiú go muiníneach agus go héifeachtach as do stuaim féin agus mar pháirt d’fhoireann

Uaireanta Oibre

6 uair a chloig sa tseachtain. Is gá go mbeadh tú solúbtha mar gheall ar an saghas obair atá i gceist. Beidh uaireanta neamh-shóisialta le n-oibriú: tráthnóna, deireadh seachtaine srl. Beidh uaireanta pleanáil i gceist i rith na seachtaine chomh maith.

Cúraimí an Phoist

Beidh an té a cheapfar freagrach as:

  • Comhoibriú leis an gcoiste
  • Imeachtaí/ceardlann/turais a phleanáil
  • Bheith i láthair ar an oíche a bhíonn an club ar siúl agus ag aon imeachtaí atá dhá reachtáil
  • Cinntiú go bhfuil paipéarachas an chlub suas chun dáta
  • Teagmháil a choinneáil le Oifigeach Forbartha Mhuintearais

A bheith tiomanta do Fhís, Misean agus Straitéis Mhuintearas a chuir i bhfeidhm. Aon dualgas bailí eile a iarrfaidh do bhainisteoir líne ort a chomhlíonadh. Solúbthacht agus oibriú mar bhall foirne ag tacú le chéile do thograí ar leith.

Club Óige Shailearna

Tá post páirt-aimseartha mar Oibrí Óige i gclub óige Shailearna á thairiscint ag Muintearas i gcomhair le Fóram Chois Fharraige um Pleanáil Teanga.

Bíonn an club ar siúl trathnóna Dé Céadaoin. Bheith i láthair gach Céadaoin ag an gclub chomh maith le ag aon imeachtaí atá dhá reachtáil.

Club Óige Réalt na Mara

Tá post páirt-aimseartha mar Oibrí Óige i gclub óige Réalt na Mara á thairiscint ag Muintearas i gcomhair le Fóram Chois Fharraige um Pleanáil Teanga.

Bíonn an club ar siúl trathnóna Dé Céadaoin. Bheith i láthair gach Céadaoin ag an gclub chomh maith le ag aon imeachtaí atá dhá reachtáil.

Bunchlub Inis Oírr

Tá post páirt-aimseartha mar Oibrí Óige i mBunchlub Inis Oírr á thairiscint ag Muintearas i gcomhair le Pleanáil Teanga Inis Oírr.

Bíonn an club ar siúl tráthnóna amháin in aghaidh na seachtaine.

Iarratas

Seol litir iarratais agus CV chomh maith le cóip de chuid cailíochtaí roimh an 5:00in Dé hAoine 30ú Deireadh Fómhair 2026 chuig oige@muintearas.com. Luaigh an club a bhfuil tú ag déanamh iarratais air.

Beidh gá dul thríd an próiseas grinnfhiosrúcháin sula dtosóidh an post.

Má tá tuilleadh eolais uait, cuir glaoch ar 091 379141 nó seol ríomhphoist chuig oige@muintearas.com

Is fostóir deiseanna comhionannais é Muintearas.