Folúntais

Oibrí Óige Páirt-Aimseartha – Bunchlub Inis Oírr

Tá post páirt-aimseartha mar Oibrí Óige i mBunchlub Inis Oírr á thairiscint ag Muintearas i gcomhair le Pleanáil Teanga Inis Oírr.

Uaireanta
6 uair a chloig sa tseachtain
Ráta pá
€16.30 san uair
Spriocdháta
5:00in Dé Luain 30ú Samhain 2026

Scileanna, taithí agus cáilíochtaí

  • Taithí ag obair le daoine óga
  • Gaeilge líofa – labhartha agus scríofa
  • Scileanna láidir eagrúcháin agus bainistiú ama
  • Sárscileanna cumarsáide agus idirphearsanta
  • A bheith ábalta feidhmiú go muiníneach agus go héifeachtach as do stuaim féin agus mar pháirt d’fhoireann

Uaireanta Oibre

6 uair a chloig sa tseachtain. Is gá go mbeadh tú solúbtha mar gheall ar an saghas obair atá i gceist. Beidh uaireanta neamh-shóisialta le n-oibriú: tráthnóna, deireadh seachtaine srl. Bíonn an club ar siúl tráthnóna amháin in aghaidh na seachtaine agus beidh uaireanta pleanáil i gceist i rith na seachtaine chomh maith.

Cúraimí an Phoist

Beidh an té a cheapfar freagrach as:

  • Comhoibriú leis an gcoiste
  • Imeachtaí/ceardlann/turais a phleanáil
  • Bheith i láthair ar an oíche a bhíonn an club ar siúl agus ag aon imeachtaí atá dhá reachtáil
  • Cinntiú go bhfuil paipéarachas an chlub suas chun dáta
  • Teagmháil a choinneáil le Oifigeach Forbartha Mhuintearais

A bheith tiomanta do Fhís, Misean agus Straitéis Mhuintearas a chuir i bhfeidhm. Aon dualgas bailí eile a iarrfaidh do bhainisteoir líne ort a chomhlíonadh. Solúbthacht agus oibriú mar bhall foirne ag tacú le chéile do thograí ar leith.

Iarratas

Seol litir iarratais agus CV chomh maith le cóip de chuid cailíochtaí roimh an 5:00in Dé Luain 30ú Samhain 2026 chuig oige@muintearas.com.

Beidh gá dul thríd an próiseas grinnfhiosrúcháin sula dtosóidh an post.

Má tá tuilleadh eolais uait, cuir glaoch ar 091 379141 nó seol ríomhphoist chuig oige@muintearas.com

Is fostóir deiseanna comhionannais é Muintearas.