Folúntais
Oibrí Óige Páirt-Aimseartha – Club Óige Shailearna
Tá post páirt-aimseartha mar Oibrí Óige i gclub óige Shailearna á thairiscint ag Muintearas i gcomhair le Fóram Chois Fharraige um Pleanáil Teanga.
Scileanna, taithí agus cáilíochtaí
- Taithí ag obair le daoine óga
- Gaeilge líofa – labhartha agus scríofa
- Scileanna láidir eagrúcháin agus bainistiú ama
- Sárscileanna cumarsáide agus idirphearsanta
- A bheith ábalta feidhmiú go muiníneach agus go héifeachtach as do stuaim féin agus mar pháirt d’fhoireann
Uaireanta Oibre
6 uair a chloig sa tseachtain. Is gá go mbeadh tú solúbtha mar gheall ar an saghas obair atá i gceist. Beidh uaireanta neamh-shóisialta le n-oibriú: tráthnóna, deireadh seachtaine srl. Bíonn an club ar siúl tráthnóna Dé Céadaoin agus beidh uaireanta pleanáil i gceist i rith na seachtaine chomh maith.
Cúraimí an Phoist
Beidh an té a cheapfar freagrach as:
- Comhoibriú leis an gcoiste
- Imeachtaí/ceardlann/turais a phleanáil
- Bheith i láthair gach Céadaoin ag an gclub chomh maith le ag aon imeachtaí atá dhá reachtáil
- Cinntiú go bhfuil paipéarachas an chlub suas chun dáta
- Teagmháil a choinneáil le Oifigeach Forbartha Mhuintearais
A bheith tiomanta do Fhís, Misean agus Straitéis Mhuintearas a chuir i bhfeidhm. Aon dualgas bailí eile a iarrfaidh do bhainisteoir líne ort a chomhlíonadh. Solúbthacht agus oibriú mar bhall foirne ag tacú le chéile do thograí ar leith.
Iarratas
Seol litir iarratais agus CV chomh maith le cóip de chuid cailíochtaí roimh an 5:00in Dé Luain 30ú Samhain 2026 chuig oige@muintearas.com.
Beidh gá dul thríd an próiseas grinnfhiosrúcháin sula dtosóidh an post.
Má tá tuilleadh eolais uait, cuir glaoch ar 091 379141 nó seol ríomhphoist chuig oige@muintearas.com
Is fostóir deiseanna comhionannais é Muintearas.