Folúntais
Folúntais
Tá Muintearas ag glacadh le hiarratais do dhá phost nua: Bainisteoir Óige agus Comhordaitheoir Oiliúna. Is í an Ghaeilge teanga oibre Mhuintearais agus glacfar le hiarratais go dtí 12 i.n. Dé hAoine, 10 Iúil 2026.
Folúntas
Bainisteoir Óige
An Ról
Tá Muintearas CTR ag reáchtáil comórtais le duine a cheapadh sa phost Bainisteoir Óige. Is ról lárnach é seo in obair Mhuintearais. Soláthróidh an té a cheapfar ceannaireacht straitéiseach agus oibríochtúil do Chlár Óige Mhuintearais, ag cinntiú go ndéantar seirbhísí agus tionscnaimh óige a phleanáil, a fhorbairt, a chur i bhfeidhm agus a mheas ar bhealach atá ailínithe le fís, misean agus cuspóirí straitéiseacha na heagraíochta.
Ag freagairt don Phríomhfheidhmeannach, beidh an Bainisteoir Óige freagrach as pleanáil, seachadadh, monatóireacht agus meastóireacht an chláir, chomh maith le bainistíocht buiséid, foirne agus comhpháirtíochtaí straitéiseacha chun tacú leis an bPróiseas Pleanála Teanga.
Príomhfhreagrachtaí
- Ceannaireacht straitéiseach a sholáthar maidir le forbairt, cur i bhfeidhm agus meastóireacht Chlár Óige Mhuintearais.
- Maoirseacht a dhéanamh ar thionscadail phíolótacha sna Limistéir Phleanála Teanga, lena n-áirítear monatóireacht feidhmíochta, bainistíocht riosca agus tuairisciú torthaí.
- Bainistíocht agus rialú buiséid an chláir a threorú agus úsáid éifeachtach acmhainní a chinntiú.
- Earcaíocht, ionduchtú, bainistíocht agus forbairt ghairmiúil foirne óige a threorú.
- Beartais, nósanna imeachta agus creatlaigh rialachais a fhorbairt i gcomhréir le dea-chleachtas san earnáil óige.
- Caidreamh straitéiseach a fhorbairt le gníomhaireachtaí stáit, eagraíochtaí náisiúnta óige, pobail áitiúla agus páirtithe leasmhara eile.
- Múnla rannpháirtíochta inbhuanaithe do Ghuth na hÓige a fhorbairt agus Tionól Óige a bhunú mar chuid de chur chuige rannpháirtíochta Mhuintearais.
- Próisis taighde, meastóireachta agus foghlama a threorú chun tionchar agus éifeachtacht an chláir a mheas.
Scileanna agus Cáilíochtaí Riachtanacha
- Cáilíocht ábhartha tríú leibhéal, ag leibhéal 8 den Chreat Náisiúnta Cáilíochtaí, sa Staidéar Óige, Forbairt Pobail, Bainistíocht, Oideachas nó disciplín gaolmhar.
- Cúig bliana ar a laghad de thaithí ag leibhéal bainistíochta nó ceannaireachta in obair óige, forbairt pobail, forbairt teanga, oideachas, an tseirbhís phoiblí nó an earnáil dheonach/phobail.
- Taithí ar chláir, tionscadail nó seirbhísí a phleanáil, a fhorbairt agus a sheachadadh ar bhealach straitéiseach.
- Taithí ar bhuiséid, acmhainní, conarthaí, rialachas agus cuntasacht a bhainistiú.
- Líofacht sa Ghaeilge idir labhairt agus scríobh, le sárscileanna cumarsáide.
- Scileanna láidre ceannaireachta, bainistíochta foirne, eagrúcháin, réitigh fadhbanna agus comhoibrithe.
Iarratas
Tá Muintearas tiomanta don éagsúlacht ina lucht saothair agus fáiltíonn roimh iarratais ó dhaoine a bhfuil cúlraí éagsúla acu. Fostóir comhionannais deiseanna é Muintearas.
Iarrtar ar iarratasóirí CV agus litir chumhdaigh a sheoladh chuig foluntais@muintearas.com roimh an spriocdháta. Glacfar le hiarratais go dtí 12.00 i.n. ar an 10 Iúil 2026. Tá breis eolais ar fáil trí ríomhphost a sheoladh chuig foluntais@muintearas.com nó trí ghlaoch ar 091-379141.
Folúntas
Comhordaitheoir Oiliúna
An Ról
Tá Muintearas CTR ag reáchtáil comórtas le duine a cheapadh sa phost Comhordaitheoir Oiliúna. Ag freagairt don Bhainisteoir Oibríochtaí agus Cláir beidh an Comhordaitheoir Oiliúna freagrach as comhordú, bainistíocht agus dearbhú cáilíochta na gclár oideachais agus oiliúna a sholáthraíonn an eagraíocht.
Tá an ról seo lárnach i gcinntiú go gcomhlíonann gach clár oiliúna riachtanais agus caighdeáin QQI, go gcuirtear struchtúir rialachais agus monatóireachta éifeachtacha i bhfeidhm, agus go gcuirtear eispéireas foghlama den scoth ar fáil d’fhoghlaimeoirí. Beidh ról ceannaireachta ag an té a cheapfar i bhforbairt leanúnach na gclár, i mbainistíocht teagascóirí agus measúnóirí, agus i gcothú caidrimh dhearfacha le páirtithe leasmhara inmheánacha agus seachtracha.
Príomhfhreagrachtaí
- Creat cuimsitheach dearbhaithe cáilíochta a fhorbairt, a chur i bhfeidhm agus a chothabháil i gcomhréir le riachtanais agus caighdeáin QQI.
- Maoirseacht agus comhordú a dhéanamh ar phróisis monatóireachta, féinmheastóireachta agus iniúchóireachta.
- Meastóireacht agus athbhreithniú rialta a dhéanamh ar chláir oideachais agus oiliúna.
- Struchtúir rialachais don oiliúint agus don fhoghlaim a fhorbairt, lena n-áirítear coistí ábhartha agus tuairisciú don bhainistíocht shinsearach.
- Próisis soláthair agus tairisceana a bhainistiú do shaineolaithe seachtracha agus soláthraithe seirbhíse.
- Maoirseacht a dhéanamh ar earcaíocht, ionduchtú agus bainistíocht teagascóirí agus measúnóirí.
- Pleanáil agus comhordú a dhéanamh ar chur chun cinn, margaíocht, earcaíocht agus clárú foghlaimeoirí.
- Sonraí, córais taifeadta agus tuairiscithe a bhainistiú, ag cinntiú cruinneas, rúndacht agus comhlíonadh GDPR.
- Tuarascálacha, anailísí agus moltaí straitéiseacha a ullmhú don bhainistíocht shinsearach.
Scileanna agus Cáilíochtaí Riachtanacha
- Cáilíocht ábhartha tríú leibhéal, ag leibhéal 8 den Chreat Náisiúnta Cáilíochtaí, i réimse mar Oideachas agus Oiliúint, Bainistíocht, Riarachán Gnó, Forbairt Pobail nó Dearbhú Cáilíochta.
- Eolas nó taithí ar chreataí agus próisis QQI agus ar an gCóras Náisiúnta Cáilíochtaí ina bhuntáiste suntasach.
- Taithí 3–5 bliana ar a laghad i ról bainistíochta, comhordaithe nó ceannaireachta i réimse na hoiliúna, an oideachais, na forbartha pobail nó réimse gaolmhar.
- Taithí ar struchtúir rialachais, próisis chomhlíonta agus dearbhaithe cáilíochta a fhorbairt agus a bhainistiú.
- Inniúlacht sa Ghaeilge ag leibhéal an chainteora dúchais, le sárscileanna cumarsáide.
- Scileanna láidre ceannaireachta, idirphearsanta, anailíseacha, pleanála agus bainistíochta ualaigh oibre.
- Inniúlacht láidir i Microsoft Office 365 agus i gcórais bhainistíochta sonraí.
Iarratas
Tá Muintearas tiomanta don éagsúlacht ina lucht saothair agus fáiltíonn roimh iarratais ó dhaoine a bhfuil cúlraí éagsúla acu. Fostóir comhionannais deiseanna é Muintearas.
Iarrtar ar iarratasóirí CV agus litir chumhdaigh a sheoladh chuig foluntais@muintearas.com roimh an spriocdháta. Glacfar le hiarratais go dtí 12.00 i.n. ar an 10 Iúil 2026. Tá breis eolais ar fáil trí ríomhphost a sheoladh chuig foluntais@muintearas.com nó trí ghlaoch ar 091-379141.