Scéim na gCampaí Samhraidh 2023
Tá áthas ar Mhuintearas Teo a fhógairt go bhfuil Scéim na gCampaí Samhraidh sa Ghaeltacht 2023 ag glacadh le hiarratais anois.
Is é an SPRIOCDHÁTA d’iarratais ar Scéim na gCampa Samhraidh ná an 19ú Bealtaine.
Beidh cead campaí a reáchtáil ón 12/06/23 ar aghaidh go dtí an 18/08/23.
Conas iarratas a dhéanamh
Tá Coinníollacha Scéim na gCampaí Samhraidh sa Ghaeltacht 2023 ar fáil thíos. Moltar duit an cháipéis seo a léamh go cúramach sula dtosóidh tú ag líonadh an fhoirm iarratais.
Is féidir cliceáil ar an cnaipe ar dheis agus an foirm iarratais a líonadh isteach go leictreonach.
Tabhair faoi deara go mbeidh ort Clár Imeachta an Champa agus Dearbhú Foirne Cosaint Leanaí (sínithe ag foireann an champa uilig) a uaslódáil ag deireadh na foirme leictreonaí. Tá na foirmeacha ar fáil thíos.
Beidh an Rolla Tinnreamh le líonadh isteach gach lá den champa, agus le cur ar ais chuig Muintearas nuair a bheas an campa thart.
Beidh an fhoirm éileamh íocaíochta le líonadh isteach & le seoladh chuig Muintearas nuair a bheas an campa thart.
Déan teagmháil le Muintearas má bhíonn aon cheist agat / aon rud nach bhfuil soiléir duit.
Tusimitheoirí / Caomhnóirí:
Is le lucht eagraithe an champa amháin a chláróidh tú páiste. Ní féidir le Muintearas spás a chur in áirithint ar champa do’d pháiste. Beidh muid ag foilsiú líosta de na campaí a bheas ar bun sna ceantair éagsúla go seachtainiúil, ach caithfear teagmháil a dhéanamh le lucht eagraithe na gcampaí iad féin chun páiste a chlárú.
Foirmeacha d’Eagraíochtaí
Cliceáil ar an bhformáid atá uait don fhoirm thíos (Word nó PDF)


Deis Traenála

Tá Clár TechSpace ar fáil chun obair libh ar champaí samhraidh. Is féidir le TechSpace ceardlann a chuir ar fáil daoibh, a bhaineann leis an teicneolaíocht trí Ghaeilge. Tá traenáil bainteach le scannánaíocht mhóibíleach, podchraoaldh, ríomheolaíocht agus STEAM ar fáil. Más spéis leat, téigh i dteagmháil le clar@kinia.ie chun níos mó eolais faoi thraenáil agus treallamh maoinithe a fháil. Táimid ag tnúth le chloisteáil uaibh.


