Folúntas

Cúntóirí Teanga

Sonraí Poist Scéim na gCúntóirí Teanga 2026 – 2027. Oibríonn an Cúntóir Teanga mar bhall foirne na scoile agus faoi stiúir an phríomhoide/mhúinteora ranga.

Teideal
Cúntóir Teanga
Conradh
32 Seachtain
Ráta pá
€25.52 san uair
Spriocdháta
18ú Meán Fómhair 2026

Scoileanna agus uaireanta

  • Scoil Náisiúnta Chamuis: 10.5 uair
  • Scoil Náisiúnta Leitir Mealláin: 8 uair
  • Scoil Thír an Fhia: 3.5 uair
  • Scoil Bhríde Mionlach: 6 uair
  • Scoil Phobail Mhic Dara, Cárna: 6 uair
  • Scoil Eoin Póll II, Inis Mór: 6 uair an chloig
  • Coláiste Éinne, Inis Mór: 6 uair an chloig
  • Coláiste Bhaile Chláir na Gaillimhe: 6 uair
  • Our Lady's, Béal an Mhuirthead: 6 uair
  • Coláiste Chroí Mhuire an Spidéal: 6 uair

Príomhdhualgais

  • Obair le daltaí nach í an Ghaeilge a dteanga dúchais chun cabhrú leo Gaeilge a shealbhú.
  • Obair le daltaí a bhfuil cabhair bhreise ag teastáil uathu chun a gcuid Gaeilge a shaibhriú trí scéalaíocht, rímeanna, rannta, scéalta beaga a insint, drámaí beaga, cluichí teanga a imirt agus srl.
  • Bealaí a aontú leis an múinteoir ranga chun tuairisciú ar dhul chun cinn na ndaltaí/scoláirí nó ar aon sainriachtanais teanga a thugtar faoi deara.

Is iondúil go ndéantar an sealbhú agus an saibhriú Gaeilge trí stór focail, abairtí agus nathanna cainte, cluichí, scéalaíocht, rannta, amhráin, drámaí srl a úsáid.

Riar agus Tuairisciú

  • Am chlár agus plean oibre a leagan amach, i gcomhar leis an bpríomhoide agus múinteoirí ag tús na scoilbhliana.
  • Beidh teagmháil rialta agat leis an múinteoir ranga agus príomhoide na scoile chun riachtanais agus dul chun cinn na ndaltaí agus an chúntóra teanga a mheas; cuirfear aiseolas ar fáil, mar shampla, cruinniú neamhfhoirmeálta gearr gach seachtain, athbhreithniú ar an gclár oibre gach mí agus measúnú ar an dul chun cinn gach téarma.
  • Tuairisc a líonadh uair amháin in aghaidh an téarma, chomh maith le haon ghníomh tuairiscithe eile.
  • Beidh bileog ama dhigiteach le líonadh agat go seachtainiúil.
  • Freastal ar chúrsaí a chuireann Muintearas ar fáil.

Rúndacht agus Cosaint Leanaí

  • Cloí le polasaithe agus nósanna imeachta na scoile (cóip le fáil ón phríomhoide) agus cloí le polasaithe agus nósanna imeachta Mhuintearais i dtaca le do chuid oibre maidir le sláinte, sábháilteacht, cosaint agus leas an linbh.
  • Ní mór áird a thabhairt ar pholasaí rúndachta. Níl sé ceadaithe aon phlé a dhéanamh ar dhaltaí sna ranganna, ar an múinteoir nó ar aon ghníomhaíocht scoile gan cead an mhúinteora. Má thagann ceisteanna ó thuismitheoirí/chaomhnóirí faoi bhráid an chúntóra, ní mór iad a atreorú chuig an múinteoir ranga.
  • Má bhíonn imní ar an gcúntóir teanga faoi aon líomhaintí, cúis imní nó scéala faoi mhí-úsáid linbh, tá dualgas ar an gcúntóir a c(h)uid imní a chur in iúl don Duine Idirchaidrimh Ainmnithe (DIA) sa scoil, agus don Duine Idirchaidrimh Ainmnithe (DIA) i Muintearas. Tá dualgas ort fáil amach cén DIA atá ag an scoil agus sonraí teagmhála an té sin a bheith agat. Is é Stiofán Seoighe an DIA i Muintearas.

Iarratas

Seol litir iarratais agus CV chuig eolas@muintearas.com.

Spriocdháta: 18ú Meán Fómhair 2026.