Folúntas
Cúntóirí Teanga - Tír Chonaill
Sonraí Poist Scéim na gCúntóirí Teanga 2026 – 2027. Oibríonn an Cúntóir Teanga mar bhall foirne na scoile agus faoi stiúir an phríomhoide/mhúinteora ranga.
Scoileanna agus uaireanta
- Scoil Náisiúnta Mín an Aoire: 5 uair
- Scoil Náisiúnta na Carraige: 6 uair
- Scoil Náisiúnta Bhaile na Finne: 8 uair
- Scoil Náisiúnta Sraith Móir: 5 uair
- Meánscoil Coláiste an Carraige: 6 uair
Príomhdhualgais
- Obair le daltaí nach í an Ghaeilge a dteanga dúchais chun cabhrú leo Gaeilge a shealbhú.
- Obair le daltaí a bhfuil cabhair bhreise ag teastáil uathu chun a gcuid Gaeilge a shaibhriú trí scéalaíocht, rímeanna, rannta, scéalta beaga a insint, drámaí beaga, cluichí teanga a imirt agus srl.
- Bealaí a aontú leis an múinteoir ranga chun tuairisciú ar dhul chun cinn na ndaltaí/scoláirí nó ar aon sainriachtanais teanga a thugtar faoi deara.
Is iondúil go ndéantar an sealbhú agus an saibhriú Gaeilge trí stór focail, abairtí agus nathanna cainte, cluichí, scéalaíocht, rannta, amhráin, drámaí srl a úsáid.
Riar agus Tuairisciú
- Am chlár agus plean oibre a leagan amach, i gcomhar leis an bpríomhoide agus múinteoirí ag tús na scoilbhliana.
- Beidh teagmháil rialta agat leis an múinteoir ranga agus príomhoide na scoile chun riachtanais agus dul chun cinn na ndaltaí agus an chúntóra teanga a mheas; cuirfear aiseolas ar fáil, mar shampla, cruinniú neamhfhoirmeálta gearr gach seachtain, athbhreithniú ar an gclár oibre gach mí agus measúnú ar an dul chun cinn gach téarma.
- Tuairisc a líonadh uair amháin in aghaidh an téarma, chomh maith le haon ghníomh tuairiscithe eile.
- Beidh bileog ama dhigiteach le líonadh agat go seachtainiúil.
- Freastal ar chúrsaí a chuireann Muintearas ar fáil.
Rúndacht agus Cosaint Leanaí
- Cloí le polasaithe agus nósanna imeachta na scoile (cóip le fáil ón phríomhoide) agus cloí le polasaithe agus nósanna imeachta Mhuintearais i dtaca le do chuid oibre maidir le sláinte, sábháilteacht, cosaint agus leas an linbh.
- Ní mór áird a thabhairt ar pholasaí rúndachta. Níl sé ceadaithe aon phlé a dhéanamh ar dhaltaí sna ranganna, ar an múinteoir nó ar aon ghníomhaíocht scoile gan cead an mhúinteora. Má thagann ceisteanna ó thuismitheoirí/chaomhnóirí faoi bhráid an chúntóra, ní mór iad a atreorú chuig an múinteoir ranga.
- Má bhíonn imní ar an gcúntóir teanga faoi aon líomhaintí, cúis imní nó scéala faoi mhí-úsáid linbh, tá dualgas ar an gcúntóir a c(h)uid imní a chur in iúl don Duine Idirchaidrimh Ainmnithe (DIA) sa scoil, agus don Duine Idirchaidrimh Ainmnithe (DIA) i Muintearas. Tá dualgas ort fáil amach cén DIA atá ag an scoil agus sonraí teagmhála an té sin a bheith agat. Is é Stiofán Seoighe an DIA i Muintearas.
Iarratas
Seol litir iarratais agus CV chuig tirchonaill@muintearas.com.
Spriocdháta: 25ú Meán Fómhair 2026.