Folúntas

Cúntóir Óige Páirt-Aimseartha

Tá post páirt-aimseartha mar Chúntóir Óige i gClub Óige Iorras Aithneach (aois 12-18) agus i gClub Óige na mBeanna Beola (aois 7-12) á thairiscint ag Muintearas i gcomhair le Pleanáil Teanga Chonamara Láir & Forbairt Chonamara Láir.

Teideal
Cúntóir Óige Páirt-Aimseartha
Uaireanta
12 uair a chloig sa tseachtain
Spriocdháta
3:00in Dé hAoine 16ú Deireadh Fómhair 2026

Scileanna, taithí agus cáilíochtaí

  • Taithí ag obair le daoine óga
  • Gaeilge líofa – labhartha agus scríofa
  • Scileanna láidir eagrúcháin agus bainistiú ama
  • Sárscileanna cumarsáide agus idirphearsanta
  • A bheith ábalta feidhmiú go muiníneach agus go héifeachtach as do stuaim féin agus mar pháirt d’fhoireann

Uaireanta oibre

12 uair a chloig sa tseachtain, 6 uair an chloig i gClub Óige na mBeanna Beola agus 6 uair a chloig i gClub Óige Iorras Aithneach. Beidh uaireanta díreach le na daoine óga i gceist tráthnóna Dé hAoine agus tráthnóna Dé Sathairn chomh maith le uaireanta pleanáil solúbtha i rith na seachtaine. Is gá go mbeadh tú solúbtha mar gheall ar an saghas obair atá i gceist. Beidh uaireanta neamh-shóisialta le n-oibriú: tráthnóna, deireadh seachtaine srl.

Cúraimí an phoist

Beidh an té a cheapfar freagrach as:

  • Comhoibriú leis an gcoiste
  • Imeachtaí/ceardlann/turais a phleanáil
  • Bheith i láthair ar an oíche a bhíonn an club ar siúl agus ag aon imeachtaí atá dhá reachtáil
  • Cinntiú go bhfuil paipéarachas an chlub suas chun dáta
  • Teagmháil a choinneáil le Oifigeach Forbartha Mhuintearais

A bheith tiomanta do Fhís, Misean agus Straitéis Mhuintearas a chuir i bhfeidhm. Aon dualgas bailí eile a iarrfaidh do bhainisteoir líne ort a chomhlíonadh. Solúbthacht agus oibriú mar bhall foirne ag tacú le chéile do thograí ar leith.

Iarratas

Seol litir iarratais agus CV chomh maith le cóip de chuid cailíochtaí roimh an 3:00in Dé hAoine 16ú Deireadh Fómhair chuig oige@muintearas.com.

Beidh gá dul thríd an próiseas grinnfhiosrúcháin sula dtosóidh an post.

Má tá tuilleadh eolais uait, cuir glaoch ar 091 379141 nó seol ríomhphoist chuig oige@muintearas.com.

Is fostóir deiseanna comhionannais é Muintearas.