Ceannairí Óga Gaeltachta
Cuireann Muintearas fáilte roimh iarratais ar chlár píolótach ceannaireachta óige, Ceannairí Óga Gaeltachta, a thabharfaidh deis do 12 dhuine óga idir 16 agus 17 mbliana d’aois ó Ghaeltachtaí éagsúla tabhairt faoi thuras struchtúrtha ceannaireachta, forbartha pearsanta agus rannpháirtíochta pobail.
Spriocdháta iarratais: 21ú Deireadh Fómhair 2026
Spásanna teoranta: sprioc aois 16–17 mbliana d’aois. Líon isteach an fhoirm léirithe spéise chun iarratas a dhéanamh.
Ceisteanna Coitianta do Thuismitheoirí
Cad é Ceannairí Óga Gaeltachta?
Is clár forbartha óige trí Ghaeilge é Ceannairí Óga Gaeltachta. Tugann sé deis do dhaoine óga ón nGaeltacht teacht le chéile, scileanna ceannaireachta a fhorbairt, cáilíochtaí a bhaint amach agus páirt ghníomhach a ghlacadh ina bpobal.
Tá béim ar leith sa chlár ar cheannaireacht, forbairt phearsanta, an Ghaeilge, obair foirne agus rannpháirtíocht sa phobal.
Cén aoisghrúpa atá i gceist?
Tá an clár dírithe ar dhaoine óga idir 16–17. Beidh na rannpháirtithe ag obair agus ag foghlaim le daoine óga eile den aois chéanna ó cheantair Ghaeltachta éagsúla.
Cathain a bheidh na seisiúin agus na turais ar siúl?
Tá an clár bunaithe ar shraith deireadh seachtaine cónaitheacha a reáchtálfar i nGaeltachtaí éagsúla, chomh maith le turas foghlama idirnáisiúnta. Tabharfaidh sé seo deis do na rannpháirtithe taithí a fháil ar phobail Ghaeltachta éagsúla, cairdeas a chothú agus a gcuid scileanna ceannaireachta a fhorbairt thar thréimhse ama.
Dréachtdhátaí an chláir:
- Deireadh Seachtaine 1 – Gaillimh: 27–29 Samhain 2026
- Deireadh Seachtaine 2 – Dún na nGall: 29–31 Eanáir 2027
- Deireadh Seachtaine 3 – Gaillimh: deireadh Mhárta 2027
- Deireadh Seachtaine 4 – Ciarraí: Bealtaine 2027
- Turas Foghlama Idirnáisiúnta: Meitheamh 2027
Tabhair faoi deara gur dréachtdhátaí iad seo faoi láthair agus go bhféadfadh athruithe beaga teacht orthu de réir mar a chuirtear na socruithe deiridh i gcrích. Cuirfear aon athruithe in iúl do thuismitheoirí agus do rannpháirtithe chomh luath agus is féidir.
Déanfar na rannpháirtithe a bhailiú ar maidin Dé hAoine agus tabharfar ar ais iad tráthnóna Dé Domhnaigh do gach deireadh seachtaine cónaitheach.
An mbeidh an Ghaeilge mar phríomhtheanga?
Beidh. Is clár Gaeltachta é seo agus beidh an Ghaeilge i gcroílár an chláir. Is í an aidhm ná deis a thabhairt do dhaoine óga an Ghaeilge a úsáid go nádúrtha agus iad ag taisteal, ag foghlaim, ag obair le chéile agus ag glacadh páirte i ngníomhaíochtaí.
Cá mbeidh an clár ar siúl?
Ní bheidh an clár bunaithe in aon áit amháin. Beidh deis ag na daoine óga taisteal chuig Gaeltachtaí éagsúla ar fud na tíre agus aithne a chur ar dhaoine óga agus ar phobail Ghaeltachta eile.
Beidh turas idirnáisiúnta mar chuid den chlár chomh maith, rud a thabharfaidh deis do na rannpháirtithe taithí nua a fháil agus foghlaim ó phobal agus ó chultúr eile.
An mbíonn na daoine óga faoi mhaoirseacht?
Bíonn. Déantar na gníomhaíochtaí a eagrú agus a reáchtáil de réir na socruithe agus na nósanna imeachta cuí chun sábháilteacht agus leas na ndaoine óga a chinntiú.
Cén chaoi a n-oibreoidh na deireadh seachtaine?
Beidh 4 deireadh seachtaine cónaitheacha mar chuid den chlár.
- Baileofar na daoine óga maidin Dé hAoine.
- Taistealóidh siad mar ghrúpa chuig an gceantar ina mbeidh an deireadh seachtaine ar siúl.
- Beidh siad páirteach i réimse gníomhaíochtaí, oiliúna agus obair ghrúpa thar an deireadh seachtaine.
- Beidh siad ar ais tráthnóna Dé Domhnaigh.
Cuirfear eolas mionsonraithe maidir le hamanna, pointí bailithe agus socruithe taistil ar fáil do thuismitheoirí roimh gach turas.
Cad a dhéanfaidh na daoine óga le linn an chláir?
Beidh meascán d’fhoghlaim agus de ghníomhaíochtaí praiticiúla i gceist, lena n-áirítear:
- ceannaireacht agus obair foirne;
- forbairt phearsanta;
- scileanna cumarsáide;
- obair thionscadail;
- gníomhaíochtaí sóisialta agus pobail;
- deiseanna chun bualadh le daoine óga ó Ghaeltachtaí eile;
- agus deiseanna chun an Ghaeilge a úsáid go nádúrtha taobh amuigh den seomra ranga.
An mbeidh cáilíochtaí mar chuid den chlár?
Beidh. Beidh cáilíochtaí agus oiliúint aitheanta mar chuid den chlár, rud a chinnteoidh nach taithí shóisialta amháin atá ann ach go mbeidh deis ag na daoine óga scileanna agus cáilíochtaí praiticiúla a bhaint amach freisin.
Beidh na cáilíochtaí dírithe ar réimsí a chabhróidh leis na daoine óga ina saol, ina bpobal agus ina bhforbairt mar cheannairí óga.
Gné an Phobail Áitiúil?
Tá an ghné phobail lárnach i gCeannairí Óga Gaeltachta. Ní hé amháin go mbeidh na daoine óga ag freastal ar oiliúint, beidh siad ag cur an méid atá foghlamtha acu i bhfeidhm ina gceantair féin.
Beidh deiseanna acu tionscadail ghrúpa agus tionscadail phobail a fhorbairt, oibriú le daoine eile agus cur go dearfach le saol a bpobail féin.
Cad a gheobhaidh duine óg ón gclár?
Faoi dheireadh an chláir, is í an aidhm go mbeidh:
- níos mó muiníne acu astu féin;
- scileanna ceannaireachta agus obair foirne forbartha acu;
- cáilíochtaí agus taithí phraiticiúil bainte amach acu;
- cairde agus naisc nua déanta acu le daoine óga ó Ghaeltachtaí eile;
- taithí acu ar thaisteal agus ar mhalartú idirnáisiúnta;
- taithí acu ar obair phobail;
- agus nasc níos láidre acu leis an nGaeilge agus leis an nGaeltacht.
Cén gealltanas a bheidh i gceist?
Tá sé tábhachtach go dtuigfeadh tuismitheoirí agus daoine óga gur clár leanúnach atá i gceist. Beifear ag súil go nglacfaidh an duine óg páirt sna deireadh seachtaine, san oiliúint, sna turais agus sna gníomhaíochtaí pobail a bheidh mar chuid den chlár.
Is deis í seo do dhaoine óga foghlaim, taisteal, cairdeas a chruthú, cáilíochtaí a bhaint amach agus forbairt mar cheannairí óga ina bpobail Ghaeltachta féin.
An mbeidh cead tuismitheora ag teastáil?
Beidh cead tuismitheora nó caomhnóra ag teastáil nuair is cuí. Cuirfear na foirmeacha agus an t-eolas riachtanach ar fáil roimh aon ghníomhaíocht lena mbaineann cead ar leith.
Cé leis ar féidir liom teagmháil a dhéanamh má tá ceist agam?
Má bhíonn aon cheist nó ábhar imní agat, is féidir leat teagmháil a dhéanamh le foireann an chláir:
Ríomhphost: eolas@muintearas.com
Guthán: 091 379141
Teagmhálaí: John Curran
Tuilleadh eolais
Tá tuilleadh eolais ar fáil ag eolas@muintearas.com nó 091 379141.