Fógra Daidí na Nollag – Naíolann na nOileán, F/ch Muintearas Teo.
Bhí Daidí na Nollag ag caint le Bainisteoir Naíolann na nOileáin, ar an deireadh seachtaine – tá socrú deánta acu, cé nach mbeidh sé in ann a bheith linn, mar is gnáth, i mbliana de bharr cúrsaí srianta COVID19. Ba bhreá leis fós deis a fháil labhairt leis na páistí.
Mar sin, deán ríomhphost a sheoladh chugam ag naiolann@muintearas.com leis an teideal “Daidí na Nollag” agus beidh na páistí in ann labhairt le Daidí na Nollag go fíorúil ar Zoom i mbliana.
Deir sé liom chomh maith go bhfágfaidh sé an mála bronntanais liom agus go mbeidh deis againn bronntanas beag a roinnt ar na páistí. Shhhhhhhhhh
Dáta don Dialann – 04ú Nollag 2020 –
Ní mhór gach ríomhphost a bheith agam roimh – 27ú Samhain 2020 – le bhur dtoil.
Eolas a bheidh ag teastáil san ríomhphost –
- Ainm do pháiste?
- Ainm mamaí / daidí / deartháir / deirfiúir?
- Céard atá ar liosta do pháiste don Nollag?
- Aon eolas eile ábhartha ar mhaith leat a roinnt?