FrauenBild und europäische Impulse: Mná san Oideachas
Is togra Eorpach é an clár FrauenBildung International – Mná san Oideachas faoi scáth na scéime Grundtvig. Faoin gclár seo déanfar iniúchadh ar dheiseanna oiliúna agus oideachais atá ar fáil do mhná a ath-thosaíonn ar an oideachas níos déanaí ina saol, na háiseanna a chuirtear ar fáil dóibh, na córais tacaíochta atá ar fáil dóibh siúd a mbíonn cúraimí baile agus clainne orthu agus an próiseas oideachais féin, chomh maith leis an ról atá ag an soláithreoir oideachais sa gcomhthéacs seo. Chuige sin, iarrfar ar mhná as Éireann, Albain, an Ísiltír agus an Ghearmáin a raibh nó atá ag freastal ar chúrsaí tríú leibhéil nó ar chúrsaí ullmhúcháin agus a mbíonn cúraimí baile nó clainne orthu freastal ar cheardlanna trasnáisiúnta ina chíorfar ceisteanna a bhaineann lena dtaithí leis an bpróiseas oideachais ina gcás féin. Breathnófar ar riachtanais na mban agus déanfar iarracht teacht ar bhealaí inar féidir na háiseanna oiliúna a bheadh ar fáil dóibh a fheabhsú agus deis a thabhairt dóibh páirt ghníomhach a bheith acu in athbhreithniú chun feabhas a chur ar na háiseanna céanna. Tá súil go bhfeabhsóidh an próiseas seo an eispéireas oideachais do mic léinn aibí i gcoitinne amach anseo. I gcás na rannpháirtithe sa gclár féin, tabharfaidh sé deis dóibh a gcuid tuairimí agus moltaí a chur in iúl ach freisin cur lena gcuid scileanna pearsanta féin.
Beidh ceardlann de chuid an chláir seo ar siúl i bPaderborn na Gearmáine ón 4ú go dtí an 8ú Samhain 2008 agus beidh ionadaithe ban as Éirinn, Albain, an Ísiltír agus an Ghearmáin páirteach ann.