Tá na háiteanna ar an gcúrsa seo teoranta, agus tabharfar tús áite do na daoine is túisce a chuireann iarratas isteach.
Tá costas €50 ar an gcúrsa seo.
Déanfar plé ar na hábhair seo a leanas:
Réamhchúrsa ar dhrámaíocht san oideachas
Tuiscint ar theoiric oideachas riachtanais speisialta agus ról na drámaíochta mar chuid den oideachas seo. Déanfar plé ar straitéis phracticiúil sa réimse seo.
Drámaíocht le daoine óga le huathachas agus fiosrú faoi straitéis phracticiúil
Is í Carmel O’Sullivan an cathaoirleach ar an Association for Drama in Education in Ireland. Is léachtóir í i Roinn an Oideachais i gColáiste na Tríonóide.Tá taighde déanta aici maidir le drámaíocht mar pháirt d’oideachas páistí le riachtanais speisialta, ina measc, tionscadal taighde “The Use of Drama in Education in the Holistic Education of Young People with Asperger Syndrome”.
Chun níos mó eolais a fháil, téigh i dteagmháil le Margaret ag 091 551145 nó margaret @ muintearas . com.
Bíonn iliomad cúrsaí oiliúna agus oideachais ar siúl i Muintearas. Cuirtear oideachas ar fáil do chuile aoisghrúpa sa bpobal, ó réimse na réamhscolaíochta go dtí oideachas fadsaoil do dhaoine fásta. Seo cuid de na himeachtaí atá ar siúl ag Muintearas le tamall anuas a bhaineann le scoileanna. Níl Muintearas ag fáil tacaíocht ón Roinn Oideachas agus Eolaíochta i láthair na huaire.
Cúrsa Ollscoil Leeds
Tá cúrsa á chur ar fáil againn faoi láthair i gcomhair le hOllscoil Leeds. Tá cúigear déag (múinteoirí ina measc) ag déanamh staidéar chun teastas iarchéime a bhaint amach i Soláthar do Pháistí le Neamhoird Fhorbartha.
Dioplóma in Áisitheoireacht maidir le Riachtanais Speisialta
Bronnadh Dioplóma in Áisitheoireacht maidir le Riachtanais Speisialta ar 32 mhac léinn as Gaeltachtaí Ciarraí Theas agus Conamara. Ba iad Muintearas a reachtáil an clár seo i gcomhpháirt le hOllscoil Luimnigh ar feadh tréimhse dhá bhliain. FÁS agus Údarás na Gaeltachta a chuir an maoiniú ar fáil.
Scéim Fhoghraíochta
I Scéim Fhoghraíochta Mhuintearais tá trí chéim foilsithe cheana féin. Siad sin: na Consain, na Gutaí Fadaagus na Consain Shéimhithe. Faoi láthar tá an ceathrú céim scríofa agus foilsithe ag Muintearas. Tá an chéim nua seo dírithe ar na gutaí gearra agus, mar aon leis na céimeanna eile, tá leabhair oibre ildaite ag dul leis.
Seomra Acmhainne
Táimid ag cur caoi ar fhearais, leabhair agus ábhair eile ionas go mbeidh múinteoirí áitiúla in ann na hacmhainní atá ann a úsáid.
Cúrsaí do Scoileanna
·Chaith daltaí na hidirbhliana ó Choláiste Croí Mhuire (sa Spidéal) lá in aghaidh na seachtaine i Muintearas ar feadh sé seachtainíag glacadh páirt i gceardlanna. Bhí ranganna garraíodóireachta orgánaigh, tábhacht na teangan agus spóirt acu.
·Chaith rang a sé ó Ghaelscoil Mhic Amhlaigh lá i Muintearas. Déanadh é seo chun nasc idir an Ghaelscoil agus an Ghaeltacht a bhunú. Ghlac na daltaí páirt i roinnt ghníomhaíochtaí éagsúla, mar shampla : garraíodóireacht orgánach, ranganna ríomhairí agus spóirt.
·Eagraíonn Muintearas cúrsa aistriúcháin scoile chuile bhliain do ghasúir atá i rang 6 i gCeantar na nOileán, Camus agus Ros Muc. Bíonn seans acu blas a fháil ar na hábhair agus na himeachtaí a mbeidh ar siúl acu sa meánscoil.
·Bhí Clár Eolaíochta ar siúl ag Muintearas le cupla bliain anuas i gcomhair leis na scoileanna.
Ionad Luathfhorbairt an Linbh
Tá an Ionad nua seo lonnaithe i gceanncheathrú Mhuintearas i dTír an Fhia. Tá Naíolann, Cúram Iarscoile agus Naíonra ann.
Seomra Caidrimh
Tá réimse leathan imeachtaí ar siúl sa seomra caidrimh atá lonnaithe i Spórtlann Mhichael Mhór chuile lá . Ina measc, tá banna ceoil, spórt, turais. cluichí srl.
Áine Uí Ghiollagáin atá ar choiste Tuismitheoirí Scoil Náisiúnta Mhic Dara ar an gCeathrú Rua ag caint faoin gcruinniú chinn bhliana a bhí acu aréir. Labhair sí ar an scéim “Neadú” a bhíodh á reachtáil ag Muintearas ach a bhfuil deireadh ag teacht leis anois: Nasc seachtrach chuig RTÉ Raidió na Gaeltachta.
Tá maoiniú na Roinne Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta don chlár Neadú (tacaíocht do thuismitheoirí sa nGaeltacht atá ag tógáil clainne trí Ghaeilge) curtha ar ceall, rud a chiallaíonn nach féidir leis an gclár leanacht ar aghaidh níos mó.
Unfortunately, funding for the Neadú programme (services for parents raising their children through Irish) has been withdrawn by the Department of Community, Rural and Gaeltacht affairs and the programme is no longer operational.
Bronnadh Dioplóma in Áisitheoireacht maidir le Riachtanais Speisialta ar 32 mhac léinn as Gaeltachtaí Ciarraí Theas agus Conamara. Ba iad Muintearas a reachtáil an clár seo i gcomhpháirt le hOllscoil Luimnigh ar feadh tréimhse dhá bhliain. FÁS agus Údarás na Gaeltachta a chuir an maoiniú ar fáil. Ba í Margaret Uí Shúilleabháin comhordnóir an chláir.
D’éirigh thar barr leis an gclár seo. I measc na modúl bhí Idirbheartaíocht idir an baile, an scoil agus an pobal, Feidhmeanna gairmiúla agus Cleachtais ag obair le gasúir le riachtanais speisialta. Tá fostaíocht i réimse an oideachais speisialta bainte amach ag an tríú chuid de na mic léinn cheana féin. Fuair cúigear de na mic léinn dioplóma onórach den chéad chéim. Tá sé i gceist ag Ollscoil Luimnigh agus Muintearas cláracha eile den chineál seo a reachtáil i gceantair tuaithe agus Gaeltachta amach anseo.