Muintearas - An Togra Oideachais Gaeltachta:

Oiliúint Áisitheoirí maidir le Riachtanaisí Speisialta

Clár oiliúna é seo chun traenáil a chur ar fáil do dhaoine a bheadh ag obair mar áisitheoirí i réimse na riachtanaisí speisialta. I measc na riachtanaisí sin áirítear fadhbanna go leor idir neamhord easpa airde agus míchumas fisiciúil, Siondróm Down agus galraí intinne ar nós Scitsifréine agus Uathachas san áireamh, rud a fhágann go bhfuil an réimse de riachtanaisí speisialta leathan go maith. Is é an polasaí maidir le riachtanaisí speisialta ná daltaí a chur i ngnáthranganna sa scoil más féidir. I gcásanna tromchúiseacha amach is amach déanfar meastóireacht ar an ndalta is féidir daltaí a chur in ionad speisialta chúraim lae má tá sé sin molta. Beidh na traenálaithe agus na háisitheoirí a bhfuil an clár seo dírithe orthu lonnaithe i scoileanna nó i gceann de na ionaid speisialta sa nGaeltacht nó i mbailte in aice láimhe. Tá go leor de na áistitheoirí atá ag i mbun cúraim do na gasúir seo faoi láthair gan aitheantas agus teistiméireacht fhoirmeálta sa réimse seo, go háirithe iad sin a bhíonn ag obair in ionaid chúraim ag an deireadh seachtaine nó i rith na hoíche.

Léarscáil: An Daingean


Léarscáil Mhór

Léarscáil: Béal a’ Mhuirthead


Léarscáil Mhór

www.muintearas.com - - - muintearas @ muintearas . com - - - Baineann an suíomh seo úsáid as WordPress