Muintearas - An Togra Oideachais Gaeltachta:

Cúlra

Is éard atá i gCeantar na nOileán, áit a bhfuil príomhoifig an Togra Ionnaithe, ná oileánra ina bhfuil na hoileáin bheaga ceangailte dá chéile ag droichid agus ag bóithre crochta. Tá daonra thart ar 2,000 duine sa gceantar.

Bunaíodh Muintearas i 1980, nuair a chuir Fundúireacht Bernard Van Leer ón Ísiltír urraíocht ar fáil ar iarratas ón gComharchumann áitiúil, ar mhaithe le infheistíocht a dhéanamh sa réimse oibre a bhain le luathfhorbairt an linbh.

Tionscnaíodh cláracha oideachasúla agus oiliúna sna blianta tosaigh ar mhaithe le tuismitheoirí a spreagadh le páirtíocht ghníomhach a ghlacadh i bhforbairt oideachasúil a bpáistí. Chuir Údarás na Gaeltachta comhurraíocht airgid ar fáil sa bhreis ar thacaíocht Fhundúireacht Van Leer. Tugadh cuireadh d’eagraíochtaí eile stáit, go háirithe An Roinn Oideachais, a bheith páirteach i réimsí éagsúla oibre an togra. Tá Muintearas ag feidhmiú faoi láthair sna ceantair éagsúla Ghaeltachta agus tá iliomad cláracha nuálacha ar siúl aige i dtaca le deiseanna oiliúna agus oideachais a chur ar fáil d’aicmí éagsúla an phobail. Tá an Togra maoinithe ó fhoinsí éagsúla stáit, Údarás na Gaeltachta go príomhdha, maraon le hurraíocht ó chláracha de chuid an Aontais Eorpaigh ó 1991 i leith nuair a tháinig críoch le hurraíocht ó Fhundúireacht Van Leer.

Tá foireann díocasach fuinniúil ag an Togra ag feidhmiú faoi stiúir Choiste Feidhmiúcháin Bhainistíochta agus a fhaigheann tacaíocht shaineolach ó Choiste Comhairleach ar mhaithe le hidirghabháil chuimsitheach chomhtháite a sholáthar do phobail na gceantar éagsúla Gaeltachta.

Aspects of Education in the Gaeltacht - Policy Implications

Study on the educational needs of Gaeltacht areas, published by Muintearas:

Available online: Click here.

www.muintearas.com - - - muintearas @ muintearas . com - - - Baineann an suíomh seo úsáid as WordPress