Muintearas - An Togra Oideachais Gaeltachta:

Muintearas, an Togra Oideachais Gaeltachta

Is eagraíocht oideachais agus oiliúna pobail é Muintearas. Tá ceanncheathrú na heagraíochta lonnaithe i dTír an Fhia, Leitir Móir; agus tá fo-oifigí againn i nGaeltachtaí Dhún na nGall, Mhaigh Eo agus Chiarraí.

Bunaíodh Mhuintearas sa mbliain 1980, le maoiniú ó Fhondúireacht Bhernard Van Leer ón Ísiltír agus Údarás na Gaeltachta. Sna blianta tosaigh chuir Muintearas béim ar chláracha oideachais luathóige, agus cláracha a thug spreagadh agus tacaíocht do thuismitheoirí chun a bheith páirteach in oideachas a gcuid páistí. Leathnaíodh amach na cláracha oideachais go dtí ceantair Gaeltachta eile de réir a chéile.

Bíonn iliomad cúrsaí oiliúna agus oideachais ar siúl i Muintearas. Cuirtear oideachas ar fáil do chuile aois ghrúpa sa bpobal, ó réimse na réamhscolaíochta go dtí oideachas fadsaoil do dhaoine fásta. Go deimhin, tá beagnach tríocha bliain curtha dhíobh ag Muintearas ag obair ins gach aon ghné de chúrsaí oideachais, oiliúna agus seirbhísí do phobal na Gaeltachta. Chomh maith leis sin, tá sean chleachtadh ag an eagraíocht a bheith ag obair i bpáirt le heagraíochtaí eile; agus tá aithne agus eolas ar Mhuintearas ag eagraíochtaí agus Ranna Stáit ó bheith ag déileáil leis an eagraíocht i gcaitheamh na mblianta.

Tá taithí na mblianta againn ar shealbhú agus buanú teanga sa nGaeltacht. Tá cláracha don óige ar cheann de na gnéithe is tábhachtaí d’obair na heagraíochta. Le blianta anuas táimid ag baint earraíochta as na ndeiseanna a chuireann nuatheicneolaíocht chumarsáideach ar fáil do phobail iargúlta. Tá eolas agus aithne ag Muintearas ar gach aon phobal Gaeltachta, ní amháin i gConamara, ach i gceantair Ghaeltachta eile ó a bheith ag obair leo chun dul i ngleic le mí-bhuntáiste agus cothrom na Féinne a bhaint amach dóibh.

Tá clár-oibre Mhuintearais dírithe ar na réimsí seo a leanas:

  • luathfhorbairt an linbh;
  • oideachas bunscoile;
  • forbairt ábhair foghlama;
  • cláracha don óige;
  • tograí tacaíochta teangan;
  • nuatheicneolaíocht chumarsáideach;
  • cláracha oiliúna;
  • taighde

Ráiteas Misin Mhuintearais

‘Pobail na Gaeltachta a fhorbairt agus a chur chun cinn trí sheirbhísí oideachais, oiliúna agus tacaíochta a sholáthar dóibh, agus ag an am céanna teanga agus cultúr an phobail sin a chaomhnú agus a neartú.’

Muintearas - Príomhoifig

Is féidir dul i dteagmháil linn thríd:
Seoladh: Muintearas, Tír an Fhia, Leitir Móir, Co. na Gaillimhe.
Uimhir Ghuthán: 091-551145
Faics: 091-551277
Ríomhpoist: muintearas@muintearas.com

Sonraí an Chomhlachta

Is comhlacht teoranta é Muintearas Teo. atá cláraithe i mBaile Átha Cliath in Éireann faoin uimhir 90269.

Saoráil Faisnéise

Tugtar breac-chuntas anseo ar na cearta dlíthiúla atá agat faoi na hAchtanna um Shaoráil Faisnéise, 1997 agus 2003.
Fochuideachtaí Údarás na Gaeltachta
Faoi chlásal 1 (5) (g) den Chéad Sceideal den Acht um Shaoráil Faisnéise, 1997, baineann forálacha an Achta le fochuideachtaí Údarás na Gaeltachta, Muintearas Teoranta san áireamh.
Ar mhaithe le seirbhís éifeachtach feidhmíonn Údarás na Gaeltachta mar ghníomhaire ar son na cuideachta seo i dtaca leis na hAchtanna seo.
Tá sonraí iomlána i leabhar Tagartha Alt 15 Údarás na Gaeltachta atá ar fáil ag www.udaras.ie/index.php/roghchlr_corparideach_/eolas_foin_dars_/rialachas_corparideach_/saoril_faisnise_/1354
Tá eolas faoin Acht um Shaoráil Faisnéise ar fáil freisin ón Oifigeach um Shaoráil Faisnéise in Údarás na Gaeltachta ag asf@udaras.ie , nó ó Oifig an Choimisinéara Faisnéise ag http://www.oic.gov.ie 

Na hAchtanna um Shaoráil Faisnéise, 1997 agus 2003
Tháinig an tAcht um Shaoráil Faisnéise 1997 i bhfeidhm ar an 21 Aibreán 1998 agus tugadh isteach cearta dlí do dhaoine lena n-áirítear an ceart

•    chun rochtain a fháil ar thaifid oifigiúla atá i seilbh Ranna Rialtais agus comhlachtaí poiblí liostaithe eile,
•    chun faisnéis phearsanta a bhaineann leo a cheartú nó a thabhairt cothrom le dáta nuair a bhíonn an t-eolas sin neamhiomlán, mícheart nó míthreorach, agus
•    chun na cúiseanna a bhaineann le gníomhartha comhlachtaí poiblí, a théann i gcion orthu, a fháil.
Iarratas a Dhéanamh
Is ceart iarratais i dtaca le Saoráil Faisnéise a sheoladh i scríbhinn chuig:
An tOifigeach um Shaoráil Faisnéise,  (Tag:  Muintearas Teoranta)
Údarás na Gaeltachta, Na Forbacha, Co. na Gaillimhe.

Sonraí teagmhála eile:
Fón: (091) 503100 Facs: (091) 503101
Ríomhphost: asf@udaras.ie

Tá sonraí maidir le táillí ar fáil sa Leabhar Tagartha Alt 15.

Is ceart a lua san iarratas go bhfuil an t-iarratas á dhéanamh faoi na hAchtanna Shaoráil Faisnéise agus ba cheart an fhochuideachta atá i gceist a shonrú san iarratas.
Tabhair an oiread faisnéise agus is féidir le do thoil lena chumasú d’fhoireann an taifead a aithint.
Má tá faisnéis ag teastáil i bhfoirm áirithe (e.g. fótachóip, diosca ríomhaire, léamh i bpearsa etc.), is ceart sin a lua i d’iarratas.

NÓTA:
Tá ceangal ar Údarás na Gaeltachta ag feidhmiú mar ghníomhaire ar son Muintearas Teoranta admháil go bhfuarthas iarratas faoin Acht a thabhairt laistigh de 10 lá oibre agus tá oibleagáid air freagra a thabhairt ar an iarratas laistigh de 20 lá oibre.

www.muintearas.com - - - muintearas @ muintearas . com - - - Baineann an suíomh seo úsáid as WordPress